zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Opens in a new window
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
News
Irish
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Website
Episodes
Episodes
100
15 July 2026
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Una Ní Bhroiméil Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá ag plé scéalta nuachta an lae. Ina measc bhí Trump agus an Meánoirthear; Tonn Teasa agus na scútair leictreach.
16 min
15 July 2026
Tús Áite: Agallamh le Lorna Johnson
Bronnadh Bonn Néill Uí Dhónaill 2026 ar Lorna Johnson ag ócáid in Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, ar na mallaibh as ucht an chéad duais sa chomórtas aistí foclóireachta a reáchtálann Foras na Gaeilge. Labhair sí linn faoin duais agus an spéís agus suim atá aici sa Ghaeilge.
6 min
15 July 2026
Tús Áite: Mír na Leabhar
Bear leabhair do dhaoine óga a bhí á phlé ag Áine Ní Ghlinn. Coiscéim Coiscéimín le Clare Dunne foilsithe ag LeabharComhar agus Anita Foley; Daideó Craiceailte - Sásúr Eitilte agus Daideó Craiceáilte, Gairdín na Róbat le Oisín McGann agus 'Spága Éanna' agus 'Leaba Éanna'.
11 min
15 July 2026
Tús Áite: Raglan Rogues
An drámadóir Kevin Burns ag caint linn faoin dráma Raglan Rogues agus iad sa tóir ar urrathóirí faoi láthair.
7 min
15 July 2026
Tús Áite: 15 Iúil 2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Una Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); Lorna Johnson (Comhairleoir Cathrach le Páirtí Lucht Oibre na Nua Shéalainne/Aotearoa); Áine Ní Ghlinn.
44 min
14 July 2026
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc; Pardún Stáit d'íobairtaigh an phéidifíligh Bill Kenneally, Achainní ceardchumainn agus Banc Ceannais Scútar Leictreacha, agus Ráiteas an Chomisinéir Teanga. É seo ar fad á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ RnaG agus Diarmaid Ó’Sé, Iar-Léachtóir, An COBÁC.
18 min
14 July 2026
Tús Áite: Ceoltóirí Éireannacha vs Intleacht Shaorga
Tá Ceoltóirí Éireannacha ag lorg reachtaíochta chun iad a chosaint óna gcuid saothair a bheith á úsáid chun Intleacht Shaorga a thraenáil, Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille in Óstán Buswells don chruinniú.
7 min
14 July 2026
Tús Áite: Marco Rubio ag iarradh deireadh a chur leis an CIC
D’fhógair an tAire Stait Mheiricéanach, Marco Rubio inniu go bhfuil sé ar intinn aige deireadh a chur leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. An scéal le pléite le John Harrington, Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Ollscoil Caerdydd
6 min
14 July 2026
Tús Áite: Mír Cartlainne
Tá céad bliain ann ó thosaigh RTÉ ag craoladh, agus in imeacht na mblianta sin tá cartlanna móra saibhre cnuasaith ag RTÉ. Tabharfaidh Ian Lee, Iar-Léiritheoir le RTÉ, ar thuras muid tríd cuid d’ábhar na gcartlanna sin, agus na seoid atá iontu a roinnt linn.
11 min
14 July 2026
Tús Áite: 14 Iúil 2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Diarmaid Ó’Sé (Iar-Léachtóir, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath); Jack Basquille (Tuairisceoir RnaG ); John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Ollscoil Caerdydd); Ian Lee (Iar-Léiritheoir le RTÉ).
46 min